PSALM 1
Sonas an deagh dhuine. 4 Agus anrath an drochdhuine.
1 IS beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhíadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach.
2 Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
3 Agus biáidh sé ccosmhuil re crann plannduighthe láimh re haibhnibh uisge, noch do bheir a thoradh iona aimsir íomchubhaidh; ni chríonfuidh fós a dhuille; agus gidh bé ní do dhéana sé tiocfaidh biseach air.
4 Ni mairsin do na míochráibhthigh: acht atáid cosmhuil ris an lóchán noch sgabus an gáoth.
5 Ar a nadhbharsin ní sheasfuíd na míochráibhthigh annsa mbreitheamhnus, ná na peacaich a ccoimhthionól na bhfíréun.
6 Oir bí fios slighe na bhfiréun ag an TTIGHEARNA: acht rachaidh slighe na neimhdhíadhach seachad.