PSALM 10
Urnaighe anaghaidh fhaille agus foirneart.

CRED fa seasann tú a bhfhad amach, ó a THIGHEARNA? cred fá bhfolchann tú thú féin a naimsearuibh buaidheartha? 2 Do ní an ciontach iona úabhar gérleanmhuin air an mbochd: go ngabhthar íad annsna cealguibh noch do smuáineadar féin.
3 Oír maóidhigh an ciontach fonn a chroidhe, agus beannuighidh sé an sanntach, noch fhúathuighios an TIGHEARNA.
4 Ní dhéan an ciontach, tre úabhar a ghnúisi, lórgaireachd a ndiáigh Dé - ní bhfuil Dia iona uile smuáintighibh.
5 Atáid a shlighthe a ccomhnuigh doilghiosach; atáid a bhreithéamhnuis a bhfad súas as a radharc: maille re na easccáirdibh uile, bidh sé ag fochmhuid fútha.
6 A dubhairt sé iona chroidhe, Ní corrochar mé; óir ní bhía mé go bráth a naindeisi.