PSALM 11
Gu bhfuil cumann bhaoghlach na ndroch dhaoine, insheachanta.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.


ANNSA TIGHEARNA chuirim mo dhóigh: cionnus a deir sibhsi rem anam, Eitill
mаг éun chum do shléibhe?
2 Oír, féuch, lubaid na cionntaigh а mbogha, do níd a saighiod réigh air an tsraing; chor go ccaithfidis go foluigheach air an bhfíréun a ccroidhe.
3 Má scriostar na bunáite, cred is féidir leis na fíréunuibh do dhéanamh?
4
Atá an TIGHEARNA ann a theampall naomhtha, atá árdchathaóir аn TIGHEARNA air neamh: do bheirid a shúile aire, teastuighid forrdhubha a shúl, clann a ndaóine.
5 Dearbhuidh an TIGHEARNA an fíréun: acht an ciontach agus an té ghrádhuighios foiréigion fúathuighidh a anam.
6 Air an cciontach fearfuidh sé paintéur teine, agus ruibh, agns anfadh thinntidhe;
budh é so comhroinn a ccupáin.
7 Oír an TIGHEARNA fíréanta is ionmhuin leis fíréantachd; do bheir a ghnúis aire do dhuine díreach.