PSALM 15
Eisiomplar áitreabhthach righeacht Dé.

Psalm Dháibhi.


A THIGHEARNA,cía choimhneochus ann do thabernacuil? cía áitreobhus ann do chnoc náomhtha?
2 An té shiubhluighios go díreach, agus oibrighios fíréantachd, agus labhrus a nfírinne iona chroidhe.
3
An té nach déan ithiomrádh le na theangaidh, is nach déan olc dá chomharsuin, is nach ttógbhann súas míochlú a naghaidh a chomharsan.
4 An té a ttarcuisnighthear an droch-dhuine iona shúilibh; achd onóruighios an dream air a mbí eagla an TIGHEARNA.
An té noch mhionnuighios chum a dhioghbhála féin, agus nach malartuighionn.
5
An té nach ccuireann amach a chuid airgid cum úsúireachda, is nach glacann luáidheachd a naghaidh na neimhchiontach. An té do ní na neitheso ni háthrochthair é go bráth.