SALM 21
Búidheachas an déagh rí déis búadhughadh.
7 Agus a bhárr muinighinn.


Don phrímhfhear céoil. Psalm Dháibhi.


A THIGHEARNA,ann do neartsa dhéanas an righ gairdeachus; agus cred é a lúathgháirigh bhías sé ad shlánughadh!
2 Thug tú toil a chroidhe dhó: agus níor chonnuimh tú uádh íarratas a bhéil. Selah.
3 Thug tú dho fós beannughadh na maitheasa suil do íarr sé: do chuiris coróin dór fhíorghlan air a chionn.
4 Díarr sé beatha ortsa,
agus thugais sin do, fad láithéadh go saoghal na saoghal.
5 Is mór a ghlóirsion ann do shlánughadh: mórdhacht agus onóir do chuir tú air.
6 Do dhéana tú fós ro bheannuigh é go bráth: do dhéana tú ro lúathghaireach é lé do ghnúis.
7 Do bhrígh go bhfuil dóigh an rígh annsa TTIGHEARNA, agus maille re trócaire an té is ro Airde ní chorrochthar é.
8 Do gheabhaidh do lámh amach do naimhde uile: do gheabha do lámh dheas an luchd fhúaithigheas thú.
9 Do dhéana tú íad mar bhácús tinntighe a naimsir thfeirge: cnaóidhfidh an TIGHEARNA iona fheirg íad, agus sluigfidh an teine íad.
10 Scriosfa tú a ttoradh ón ttalamh, agus a síol ó chloinn Adhaimh.
11 Oír do chomhairligheadar olc ad aghaidh: do smuáinigheadar cleasradh urchóideacha, nár fhéadadar
do chríochnughadh.
12 Uime sin chuirfios tú romhad íad, mar bhuta re ccaitear
soighde cuirfi tú do shoighde air do shranguibh as choinne a néadain.
13 Arduigh thú féin, a THIGHEARNA, ad neart: marsin chanfum agus mholfam thárrachtus.