PSALM 23
Curam Dé dha thréud thoghtha.
Psalm Dháibhi.


A SE an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiáidh easbhuidh orum.
2 Do bheir sé orum luighe a
ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin.
3 Aiseoguidh sé
manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
4 Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháis, ni bhiáidh eagla uilc orum: óir
atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agas do mhaide mé.
5 Gléusfa tú bórd fám choinne a bhfiaghnuise mo námhad: do ungaidh tú mo cheann le hola, atá mo chupán ag cur thairis.
6 Go dearbhtha leanfuidh maith agus trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus do dhéanad áitreabh a ttigh mo Đ¢HIGHEARNA go bráth.