PSALM 25
Teagasc chum an bheatha mharthanuigh.
Psalm Dháibhi.


CHUGADSA, ó a THIGHEARNA, thógbhuim súas
manam,
2 О mo Dhía, cuirim mo dhóthchus ionnad: ná náirighthear mé, na déanaid mo naimhde gáirdeachus ós mo chionn.
3 Fós, an mhéid chuiríos a
ndóigh ionnad ná náirighthear íad: bíodh náire air a ndroing noch chionntuighios gan chúis.
4 Foillsigh a THIGHEARNA, do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain.
5 Tréoruigh mé ann
thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
6 Cuimhnigh do thrócaire chinealta, ó a THIGHEARNA, agus do mhuinnteardhas grádhach; óir
atáid ann a ríamh.
7 Ná cuimhnigh peacadh
móige, ná mo sháruighthe: do reír do thrócaire cuimhnigh mé ar son do mhaitheasa, a THIGHEARNA.
8 Is maith agus is díreach an TIGHEARNA: uimesin teagaiscfidh sé na peacuich san
tslighe.
9 Tréorochuidh sé na ceannsaighthe a
mbreitheamhnus: agus múinfidh sé a shlighe do na ceannsaighthibh.
10 Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.
11 Ar son
hanma, a THIGHEARNA, iseadh mhaithfeas tú méaigceart; bíodh gur mór sin.
12 Cia
hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé.
13 Aitreobhuidh a anam a maith; agus biáidh oidhreacht na dúithche aga chloinn.
14 Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh.
15
Atáid mo shúile a ccomhnuidhe chum an TIGHEARNA; óir do bhéara sé mo chos as an líon.
16 Féuch orum, agus déan trócaire orum; óir atáim áonránach agus buaidheartha.
17 Do fairsingeadh buáidhreadh mo chroidhe: ó tabhairsi amach as
manacra mé.
18 Féuch ar
manacra agus air mo phéin; agus maith mo pheacuidhe uile dhamh.
19 Féuch air mo naímhde; óir atáid ar na méudughadh; agus atá fúath аса orum le foiréigion.
20 Coimhéad
manam, agus sáor mé: agus ná náirighthear mé; do bhrígh go bhfuil mó dhóthchus ionnadsa.
21 Cumhduigheadh díoghruis agus ceart me; óir
dfan mé leachdsa.
22 Sáor Israel, ó a Dhía, ó
nuile bhuáidhreadh.