PSALM 28
Tairrghir ar luáigheacht dhaóine urchóideach.

Psalm Dháibhi.

CHUGADSA gháirfeas mé, а THIGHEARNA mo charruig; na bí boghar am tháobhsa: deagla, muna bhfreagarthá mé, go madh cosmhuil mé ris a ndróing théid síos don log.
2 Cluin guth mo athchuinge, a nuáir chomhaircfead chugad; a núair thóigfead súas mo lámha chum
horacuil náomhtha.
3 Na tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a
ndróing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.
4 Tabhair luáigheacht dóibh do reír a
ngníomh, do reír urchóide a ndithchill: tabhair dhóibh do reír oibre a lámh; tabhair dhóibh a luáigheacht.
5 Oír ní bhfuil meas aca air oibribh an TIGHEARNA, nó ar oibriughadh a lámh, brisfe sé síos íad, agus ní chuirfidh súas íad.
6
Go madh beannuigh an TIGHEARNA, oír do chúalaidh sé guth mo íarratuis.
7 Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
8
Isé an TIGHEARNA a neartsan, agus neart saórtha a ungthaigh é.
9 Tárthaidh do dhaóine, agus beannuigh
hoighreacht: beathuidh fós íad, agus árduigh íad go bráth.