PSALM 32
An dara Psalm aithrighe.

Psalm tegaisg Dháibhi.


IS sona an agá bhfuil a chionnta ar na maitheamh, agus a pheacadh ar na fholach.
2 Is beanuighe an té noch nach cuirionn an TIGHEARNA peacadh na leith, agus ag nach bhfuil cealg iona spioraid.
3 A
nuáir do bhí mé am thochd, dfásadar mo chnámha foirfe do bhrígh mo bhúirfeadha ar feadh an laói.
4 Oír do bhí do lámh trom orum do ló agus
doidhche: do hiompóigheadh mo fhlicheachd a ttart samhraidh. Selah.
5
Dadmhaidh mé mo pheacadh dhuitse, agus níor fholuigh mé mo chionta. A dubhairt mé, Aideomhad maindlighthe don TIGHEARNA; agus do mhaith tú urchóid mo pheacaidh. Selah.
6 Ar a
nadhbharsin do dhéana a nuile dhuine díadha urnuigh chugadsa a nam thfaghala: go deimhin a ttuilte uisgeadha móra ní thiocfuid a ngar dhósan.
7
Is mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.
8 Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san
tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
9 Ná bíthí mar a
neach, mar an múille, ag nach bhfuil tuicsi: is iníadhta a bhéul re béulmhach agus re srían, deagla go ttiucfadh sé a ngar dhuit.
10
Atáid iomad doilghios don pheacach: acht tiucfa trócaire, a ttimchíoll an té chuireas a dhóthchus annsa TIGHEARNA.
11 Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir,
sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.