PSALM 33
Maitheas, 6 cumhacht,
12 agus freasdal Dé dá mhuinntir féin.


GAIRDIGHIDH annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna: is cubhaidh moladh don díreach.
2 Molaidh an TIGHEARNA ris an
ccláirsigh: re psaltair re hionstrumeint dheich ttéud canuidh dhó.
3 Canuidh dhó caintic núadh; sinnidh go
héolgach maille re fuáim áird.
4 Oír
is díreach bríathar an TIGHEARNA, agus a oibreacha uile maille re fírinne.
5 Is ionmhuin leis ceart agus breitheamhnus: atá an talamh lán do thrócaire an TIGHEARNA.
6 Re breithir an TIGHEARNA do rinneadh na flaitheamhnuis; agus le spiorad a bhéil a shlúagh uile.
7 Cruinníghidh sé uisgeadha na mara amhuil cárnn: agus cuiridh súas an dúbhaigéan a
ttighthibh ionnmhuis.
8 Bíodh eagla an TIGHEARNA air an
ttalamh uile: bíodh úamhan ar uile áitreabhacha an domhuin.
9 Oír do labhair sé, agus do rinneadh amhluidh; do aithin sé, agus do cruthuigheadh é.
10 Do ní an TIGHEARNA comhairle na
ccinneadhach díomhaoin: do ní smúaintighe na ndaóine neimhéifeachtach.
11 Seasfuidh comhairle an TIGHEARNA go bráth, smúaintighthe a chroidhe go sáoghal na sáoghal.
12
Is beannuigh an cineadh agá bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca; na daóine do thogh sé mar oighreachd dó féin.
13 Féuchuidh an TIGHEARNA ó neamh; do chí sé mic na
ndaóine uile.
14 Dearcaidh sé ó a ionad cómhnuigh air áitreabhaibh na talmhan uile.
15 Eision cumadóir a
ccroidhtheadh a néainfheachd; tuige sé a noibreach uile.
16 Ní bhfuil rígh air bith cumhduighthear re iomad slóigh: ní sáorthar an duine tréan re méad a neirt.
17
Is ní díomhaóin each mar dhídion: ní sháorfa sé aonduine re méad a neirt.
18 Féuch,
atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire;
19 Do sháoradh a
nánma ó bhás, agus dá ccongmháil béo a ngorta.
20 Atá ar
nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath.
21 Oír is annsan do dhéanas ar
ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm naomhthasan.
22 Biodh do thrócaire oruinn, a THIGHEARNA, do réir mar atá ár
ndóigh ionnad.