PSALM 36
An duine, trúagh аnn féin, atá sé beannuighte a Ndía.

Don prímhfhear ceóil,
Psalm Dháibhi,
seirbhíseach an TIGHEARNA.


A DEIR droichghníomh an chiontuigh a stigh ann mo chroidhe, nach bhfuil eagla Dé ós coinne a shúl.
2 Oír do ní spleadhachus ris féin iona radharc, nó go
naithnighior go bhfuil a pheacaidh fúathmhar.
3
Is mícheart agus mealltóireachd bríathra a bhéil: do léig dhe bheith glic, agus maith do déanamh.
4 Smuáinighidh sé díomháoineas air a leabuidh; suighidh sé féin ar shlighe
nach maith; dhiúltann an tolc.
5 A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire;
agus thfírinne go nuigе na néulla is áirde.
6 Is cosmhuil
thfíréantachd re sléibhtibh ro árda; do bhreitheamhnuis is cosmhuil ris an ndubhaigéan: ó a THIGHEARNA, cumhduigh tú an duine agus an tainmhidhe.
7 Cred
é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndaóine a ndóigh a scáile do sciathán.
8 Béid ar na sásughadh go rо mhór lé méathus do thighe; agus do bhéara tú orra ól
daibhne haóibhnis.
9 Oír is agadsa
atá tobar na beatha; ann do sholusa do chídhfiom solus.
10 Faduigh do thrócaire don luchd darab éolach thú; agus
thfíréuntachd don díreach a ccroidhe.
11 Na tigeadh cos a
núabhair orum, agus ná corruigheadh lámh an chiontuigh mé.
12 Annsin do thuiteadar luchd oibrighthe na
hurchóide: do teilgiodh síos íad, agus ní budh éidir léo éirghe.