PSALM 38
An treas psalm aithrighe.

Psalm Dháibhi do chur a
ccoimhne.

A THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg: agus ná smachduigh mé ann do dhiomdha té.
2 Oír atáid do shoighde na seasamh go daingion ionnum, agus atá do lámh dom bhrughadh go doirbh.
3
Ní bhfuil sláinte ar bith ann mfeóil do bhrígh thfeirgesi; ní bhfuil síothcháin am chnámhuibh do bhrígh mo pheacaidh.
4 Oír do chúadar mo chionta ós mo cheann: mar úalach trom atáid ro throm agam.
5 Atáid mo chréachda morcuidhthe agus atáid bréun do bhrígh mo leimhe.
6 Atáim crotach; atáim ag cláonadh síos go hiomarcach; siubhluim a
ndoilghios ar feadh an laói uile.
7 Oír atáid mo shlíasta dá losgadh; agus
ní bhfuil falláine ar bith ann mfeóil.
8 Atáim anbhfann agus ar mo bhualadh go neimhneach: do nuáill mé ar son mhíoshuaimhnis mo chroidhe.
9 A THIGHEARNA, is ós do choinne atá mo mhían uile; agus níor folchadh
mosnadhach ortsa.
10 Atá mo chroidhe luáimhneach, tréigidh mo neart mé: agus ní bhfuil solus féin mo shúl agam.
11 Seasaid
máos grádha agus mo cháirde gan bheith a lathair mo bhuilleadh; agus seasaid mo ghaol a bhfad uáim.
12 Agus an luchd atá ag tóruigheachd ar
manam cuirid paintéir romham: agus an drong íarras molc labhraid urchóid, agus smuainid cealga ar feadh an laói.
13 Acht misi, amhuil
duine boghar, ní chluinim; agus mar dhuine bhalbh nach bhfosclann a bheul.
14 Mar so do bhi mé mar dhuine nach
ccluinionn, agus ag nach bhfuil achmhusan iona bhéul.
15 Oír ionnadsa, a THIGHEARNA, cuirim mo dhóthchus: do bhéarair freagrá, ó a THIGHEARNA mo Dhía.
16 Oír a dubhrus,
Deagla go ndéindís gáirdeáchus orum: a núair chorruigheas mo chos, móruighid íad féin am aghaidh.
17 Oír
atáim ollamh chum bheith bacach, agus atá mo dhoilghios air maghaidh do ghnáth.
18 Oír foillseochaidh mé mo chionta; agus bíad dhoilghiosach air son mo pheacaidh.
19 Acht
atáid mo náimhde béodha, atáid neartmhar: agus atáid ar na níomadughadh noch fhúathuighios mé go bréugach.
20 Agus an drong thoirbhearus olc ar son maitheasa atáid na naimhdibh agam; do bhrígh go leanuim an mhaith.
21 Ná tréig mé, a THIGHEARNA: mo Dhía, na bí a
bhfad uáim.
22 Déana deithfir chum
mfúrtachda, ó a THIGHEARNA mo shlánughadh.