PSALM 39
Aire Dháibhi ar a chaint.

Don phrímhfhear ceóil, do Iedútun,
Psalm Dháibhi.


A DUBHAIRT mé, Do bhéara mé aire dom shlighthibh, go nach déanad peacadh lem theangaidh: coinneochad srian rem bhéul, an feadh bhías an ciontach ós mo choinne.
2 Do bhí mé balbh ré a bheith am thocht, do bhí mé am thocht, ó mhaith; agus do corruigheadh mo dhoilghios.
3 Do bhí mo chroidhe te ionnam a stigh, ann mo smuáineadh do las an teine:
annsin do labhrus rem theangaidh, ag ràdh,
4 A THIGHEARNA, foillsigh dhamh mo chríoch dheighionach, agus tabhair a fhios damh caidhe fad mo láethe; go madh fios damh cá fad mhairfios mé.
5 Féuch, do rinne tú mo láethe do leithead baise; agus
atá maóis mar neimhní ad lathairsi: go deimhin is díomhaóineas go léir a nuile dhuine dhá fheabhus da mbí a staid. Selah.
6 Go deimhin is mar íomháigh shiubhlas a
nuile dhuine: go deimhin is a ndíomhaóineas do níd corrughadh: cruinnidh duine maóin, agus ní fheadair sé cía chaithfios íad.
7
Agus a nois, cred ar a bhfuilim ag feithiomh? a THIGHEARNA, atá mo dhóthchus ionnadsa.
8 Om uile aindligheadh sáor mé: na déan scannail a
namadáin díom.
9 Do bhí mé balbh, níor fhoscáil mé mó bhéul; do bhrígh go
ndéarna tusa é.
10 Athruigh uáimse do bhuille: do mheath mé tre bhuille do láimhe.
11 An tan cheasnuighios tú duine re
hachmhusanuibh air son éigceirt, do bhearair air a sgeimhe cnáoi mar léaman: is díomhaóineas go léir a nuile dhuine. Selah.
12 Cluin
múrnuigh, a THIGHEARNA, agus tabhair éisteachd dom chomhairc; ná bí boghar rem ghul: oir is coigcríghe mé agadsa, am choimhightheach, mar maithreacha uile.
13 Coisg dhíom, agus léig dhamh mo neart
dathnúaghadh, suil imtheachad, agus nach bíad ann ní sa mó.