PSALM 40
Fáigheadoireachd ar fhireantacht Chríosd,
do sháruigheas ceártas an tseinreachd.

Don phrímhfhéar ceóil, Psalm Dháibhi


DO fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc.
2 Thug sé súas mé mar an
gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.
3 Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar
Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
4
Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.
5 O a THIGHEARNA ar
Ndía, do rinnis iomad dot oibreachaibh iongantacha, agus dot smuaintighibh dhúinne: ní féidir do neach a ccunntas duitsi a nórdughadh: dá bhfoillseochuinn íad agus a labhairt, is mó íad ná is féidir áireamh.
6 Níor íarr tú íodhbairt nó ofráil;
dfoscail tú mo chlúasa: ofráil loisge nó ofráil pheacaidh níor íarr tú.
7 Annsin a dúbhairt misi, Féuch, atáim ag teacht: a
cceann an leabhair atá scríobhtha orumsa.
8 Is áoibhin leam do thoil do dhéanamh, O mo Dhé: agus
atá do dhligheadh a meadhón minneadh.
9 Do shoisgéil mé
thfíréuntacht annsa gcoimhthionól mhór: féuch, níor connuimh mé mo bhéul, is aithne dhuit, a THIGHEARNA.
10 Níor fholuigh mé
thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.
11 Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh
hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé.
12 Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa
ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé.
13 Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair.
14 Náirighthear, agus claóidhtear íad a
néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh.
15 Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha.
16 Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá
níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadaighthear an TIGHEARNA.
17 Bíodh go
bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe.