PSALM 46
Gurab é Día an tor is daingne, agus an fear gaisge is fearr.

Don phrímhfhear ceóil do chloinn Chórah, caintic air Alamot.

SE Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh.
2 Ar a
nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
3
Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.
4
Atá abhann, a ndéanaid a srutháin sin cathair Dé lúathgháireach, ionad náomhtha tigh comhnuighe an tí is rо áirde.
5
Atá Día iona meadhon; ní corrochtar í: do bhéaraidh Día furtachd di, re héirghe amuch na maidne.
6 Do rinneadar na cineadhacha fuáim, do chorruigheadar na rioghachda: do labhair seision, do leagh an talamh.
7
Atá TIGHEARNA na slógh linn; atá Día Iácob na dhídean aguinn. Selah.
8 Tigidh, féuchuidh air oibribh an TIGHEARNA, noch do chuir dólás air an
ttalamh.
9 Do bheir sé fa deara cogadh do chosc go crích na talmhan; brisigh sé an bogha, agus gearruidh an gath ó chéile; loisgidh sé na carbuid annsa teine,
ag radh,
10 Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar
márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
11
Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhídean aguinn. Selah.