PSALM 47
Gur bé Día is rí na Niuduigheadh, agus na ccíneadhach.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm chloinne Córah.

BUAILIDH bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.
2 Oír atá an TIGHEARNA is rо áirde úathbhásach; Rígh mór ós cíonn na talmhan uile.
3 Claóidhfidh sé na daóine fúinne, agus na cineadhacha fá ar
ccosuibh.
4 Toighfidh sé ar
noighreachd dúinn, oirdhearcus Iácob noch do ghrádhuigh sé. Selah.
5 Do chuáidh Día súas ré caithréim, an TIGHEARNA ré guth an ghalltrumpa.
6 Canuidh psailm do Dhía, canaidh psailm: canaidh moladh dár Rígh, canaidh moladh.
7 Oír
isé Día Rígh na talmhan uile: canaidh moladh go héolgach.
8 Atá Día a rioghachd ós cionn na
ccineadhach: suighidh Día ar chathaóir a náomhthachda.
9 Do chruinnigheadar prionnsuidhe na
ndaoine re chéile, pobal Dé Abraham: óir is Día scíatha na talmhan: atá sé ar na árdughadh go ro mhór.