PSALM 48
Ierusalem na scáthan ar ghlóir na heagluise coitchinne.

Caintic agus Psalm do chloinn Chórah.

IS mór an TIGHEARNA, agus is ionmholta go hanmhór a ccathruigh ar Ndé, slíabh a naomhthachda.
2 Is bréaghdha a shuighiughadh, sólás na talmhan uile, cnoc Síon, taoibh an tuáisceirt, cathair an Rígh mhóir.
3 Is
aithnid Día ann a phálásuibh mar dhídean.
4 Oír, féuch, do chruinnigheadar na ríghthe, agus do ghabhadar thort le chéile a
néinfheachd.
5 Do chonncadar
sin, agus dob iongantach léo; do bhádar búaidheartha, do dheithfrigheadar orra.
6 Do ghabh eagla greim, dhíobh annsin, pían, mar mhnaói ag breith.
7 Brisionn tú loingios Tharsis ris an
ngaóith a noir.
8 Do réir mar do chualamar, marsin do chonncamar a
ccathruigh TIGHEARNA na slógh, a ccathruigh ar Ndé: daingneochuidh Día í go bráth. Selah.
9 Atamaoid ag feithiomh air do chinéul grádhach, a Dhé, a lár do theampoill.
10 Do réir
hanma, a Dhé, is marsin atá do mholadh go téorannuibh na talmhan: atá do lámh dheas lán dfíréuntachd.
11 Déanadh slíabh Síon gáirdeachus, bídís ingheana Iúdah fólásach, do bhrígh do bhreitheamhnusa.
12
Siubhail timchioll Shíon, gabh fá ccuáirt na timchioll: áirimh a tuir.
13 Comharthuighe go maith a balladha, amhaircigh air a pálásuibh; go
ninnsighe don ghiniolach thiocfas bhur ndiáigh.
14 Oír
isé an Día so ar Ndía go saóghal na saóghal: treorochuidh sé sinn go bás.