PSALM 5
Guidhe anaghaidh naimhde na córa.
Don phrímhfhear ceóil air Nehilot, Psalm Dháibhi.
TABHAIR clúas dom bhriathruibh, ó a THIGHEARNA, meas mo smúaintighe.
2 Eíst ré guth mo éighmhe, ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is chugadsa ghuidhfeas mé.
3 Cluinfir mo ghuth air maidin, ó a THIGHEARNA; air maidin díreochaidh mé múrnaigh chugad, agus féuchtad súas.
4 Oir ní Día thú agá bhfuil dúil a nurchoid: ní mó choimhneochus olc maílle riot.
5 Ní sheasfaid na hamadáin ann do radharc: súathuighionn tú a nuile luchd déanta na héagcóra.
6 Scriosfa tú an luchd do labhrus bréug: biáidh fúath ag an TTIGHEARNA air a nduine fhuilteach agus mheabhlach.
7 Acht air mo shonsa, tiocfa mé a steach ann do thigh a niomadamhlachd do thrócaire: agus ann heagla do dhéagh adhradh go nuige do theampall náomhtha.
8 Treoruidh mé, ó a THIGHEARNA, ann thfíréantachd, do bhrígh mo naimhde; déan do shlighe direach am fhiaghnuisi.
9 Oír ní bhfuil dísleachd iona mbéul; is fíorurchóid an táobh a stigh dhíobh; is uáimh oscuilte a scornach, do níd bladar le na tteangaidh.
10 Scrios íad, a Dhé; leagthar íad le na ccomhairlibh féin; teilg amach íad a niomadamhlachd a míghníomh; óir do rinneadar easáonta ad aghaidh.
11 Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаг an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
12 Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an firéun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.