PSALM 50
Eidirdhealughadh an fhíor-chreidimh ón fháschreidimh.

Psalm Asaph.


DO ráidh an Día cumhachdach, an TIGHEARNA, agus do ghoir an talamh ó éirghe na gréine go a fuineadh.
2 Amach as Sion, do lonnruigh Día, iomláine na sgéimhe.
3 Tiucfaidh ar
Ndía, agus ní bhiáidh na thochd: loisgfidh teine roimhe, agus biáidh anfa iomarcach na thimchioll fa gcuáirt.
4 Goirfidh sé chum na
bhflaitheas ó a núas, agus chum na talmhan, do bhreith breithe air a dhaoinibh.
5 Cruinnighe mo náomha chugam; noch do rinne cunnradh liom le
híodhbairt.
6 Agus foillseochuid na flaithis a fhíréuntachd: óir isé Día féin an breitheamh. Selah.
7 Cluinidh, ó mo dhaóine, agus laibheorad; ó a Israel, agus do dhéan fiadhnuise dhuitsi: is misi Día, do Dhíasa.
8 Ni dhéanad
himdheargadh ar son híodhbarthach nó hofrálach loisge, noch do bhí ós mo chomhair a gcomhnuighe.
9 Ní ghéubhad bulóg as do thigh,
no gabhair fhirionna as do mhánruchuibh.
10 Oír
is liomsa a nuile bheathach na coilleadh, an teallach ar mhíle chnoc.
11 Is aithne dhamh uile éanlaith na slíabh: agus
is liomsa beathuigh állta an mhachaire.
12 Da
mbéinn ocrach, ní inneosuinn duitsi: oír is liomsa an domhan, agus a iomláine.
13 A
níosa mé feóil tharbh, no a níbhfe mé fuil na ngabhar?
14 Iódhbair moladh do Dhía; agus díol do mhóide ris an té is ró áirde:
15 Agus goir orumsa a ló a
néigiontais: agus sáorfad thú, agus do bhéara tú glóir dhamh.
16 Acht ris an
ccionntach a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidighsi dfoillsiughadh, agus go ngéubhthá mo chunnradh ad bhéul?
17 Agus fúathuighe tú smachdughadh, agus teilgfir mo bhríathra táobh síar dhíot.
18 Má chí tú gaduighe, righfidh tú leis, agus atá do chuid ronna leis na
hadhaltrannachaibh.
19 Do bheirir do bhéul
durchóid, agus cumuigh do theanga cealg.
20 Suighidh tú agus labhruidh tú a
naghaidh do dhearbhrathar; do bheirir scannail do mhac do mhathar.
21 Na
neithesi do rinnis, agus do bhí misi am thochd; agus do shaóilis go mbéinn cosmhuil riot féin go hiomlán: achd do bhéar achmhusán duit, agus cuirfead na neithesi a nórdughadh ós coinne do shúl.
22 Anois measuighe so, sibhsi noch dhearmadas Día,
deagla go réubfuin sibh, agus nach biáidh fear bhur ttárrthála.
23 An té íodhbras moladh do bheir
onóir dhamhsa: agus an té órduighios a shlighe taisbeanfadsa slánughadh Dé dhó.