PSALM 53
An Duine do chuir cúl re Día thríd amach, ní bhfuil sé saor ó eagla.

Don phrímhfhear ceóil ar Mahalat, Psalm teagaisg Dháibhi.


A DUBHAIRT an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Truáilligh atáid síad, do níd éaigceart adhuathmhar: ní bhfuil áonduine do ní maith.
2 Dféuch Día ó neamh ar сhloinn Adhaimh, dféachuin an raibh
aon do thuicfeadh, nó díarrfadh Día.
3 Do chuáidh gach áon ar ccúl: atáid a néinfheachd truáilligh; ní bhfuil áonduine do ní maith, ní bhfuil, fós áonduine.
4 A bhfuil luchd oibrighthe urchóide gan éolus? noch itheas mo dhaóine mar ithid aran: agus ní ghoirid air an
Ndía.
5 Ann sin do bhí eagla orra le
húamhan, mar nach raibh eagla: óir do spréidh Día a chnámhasan noch do rinne campa ad aghaidhsi: do náirigh tú íad, do bhrígh gur dhiúlt Día íad.
6 O dá
ttugthaói slánughadh Israel amach as Sion! A nuáir iompochus Día braighdeanas a dhaóine, do dhéana Iácob lúathgháir, agus Israel gáirdeachus.