PSALM 56
Coimheadfuidh Día deóra na bfirein, agus cluinidh sé an urnaigh.

Don phrímhfhear ceóil air Ionat-elim-rechocim,
Psalm órdha Dháibhi, a nuáir do ghabhadar na Philistinigh é a
Ngát.


ВI trócaireach dhamh, a Dhé: óir do shluigfeadh duine súas mé; air feadh an laói ag cathughadh do bhrúighfeadh mé.
2 Do shluigfidís mo naimhde
air feadh an laói: óir atá iomad ag cathughadh am aghaidh, ó thusa is ro áirde.
3 A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa.
4 A
Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
5 Ar feadh an laói fáisgid mo bhríathra:
atáid a smuaintighe éile chum uilc am aghaidh.
6 Cruinnighid íad féin ar áonbhall, folchaid íad féin, comharthuighid mo choiscéimighe, a nuáir bhíd ag foraire ar
manam.
7 An rachaid síad as ar son a
nurchóide? ann thfeirg ísligh na daóine, a Dhé.
8 Comháirmhionn tú mo sheachrán: cuir mo dheóra ann do bhuidéul: nach
bhfuilid ann do leabhar?
9 Annsin fillfighthear mo naimhde air a
nais, a nuáir gháirfiod: atá a fhios so agam; óir atá Día air mo shon.
10 A
Ndía mholfad a bhriathar: annsa TIGHEARNA mholfad a bhriathar.
11 A
Ndía chuirfead mo dhóigh: ní biáidh eagla orum créd do dhéanas duine orum.
12
Atáid do mhóide orum, a Dhé: toirbheoruidh mé molta dhuit.
13 Oír
dfúascail tú manam ó bhás: nach saórfa tú mo chosa ó leagadh, chum go siubhola mé go diongmhalta a lathair Dé a solus na mbéo?