PSALM 59
Dáibhi iadhta súas ionа thigh féin,
diarr se cobhair аn TIGHEARNA.

Don phrímhfhear ceóil, Altaschit, Psalm órdha Dháibhi;
a nuáir do chuir Sául drong úadh do chuirfeadh faire air a thigh, dá mharbhadh.


SAOR mé óm naimhdibh, a Dhé: ón lucht éirghios súas am aghaidh bísi do dhídean damh.
2 Sáor mé ó lucht oibrighthe na
hurchóide, agus coimhéad mé ó dhaóinibh fuilteacha.
3 Oír, cheana, atáid ag luigheachán air
manam: cruinnighid na cumhachtaigh a naóinfheachd am aghaidh; ní ar son mo sháruighthe, ní air soп mo pheacaidh, a THIGHEARNA.
4 Rithid gan chion air bíth
dom tháoibhse agus ullmhuighid íad féin: éirighsi súas do theagmháil leam, agus dearc.
5 Agus tusa, a THIGHEARNA Día na slógh, Día Israel, múscail dfeuchuin na ccineadhachso uile: ná bí grásamhuil dóibh uile noch oibrighíos urchúid go meantolach. Selah.
6
Fillid tráthnóna: do níd fuáim amhuil madradh, agus imthighid fa ccúairt a dtimchioll na caithreach.
7 Féuch, taifnid re na mbéul:
atáid cloidhmhthe iona bpusaibh; oír, a deirid, Cía chluin?
8 Acht tusa, а THIGHEARNA, do dhéanair magadh orra; do dhéanair tarcuisne air na geintibh uile.
9
Do bhrígh a neirtsion do bhéaradsa aire dhuitsi: óir is tusa а THIGHEARNA mo dhídean.
10 Tiucfaidh mo Dhía grásamhuil romham: do bhéara Dia dhamh
те тhíaп dfaicsin air mo naimhde.
11 Ná marbh íad,
deagla go ndéanadh mo dhaoine dearmad: spréidh íad re do chumhachdaibh; agus tabhair a núas íad, a THIGHEARNA ar scíath.
12
Ar son peacaidh a mbéil bríathair a bpuisín gabhthar íad ann a núabhar: agus ar son a malluighthe agus a mbréug noch labhruid.
13 Díothlaithrigh a bhfeirg
íad, díothlaithrigh, go nach béid ann: agus bíodh a fhios аса go bhfuil Día ag ríaghladh ann Iácob go téorannuibh na talmhan. Selah.
14 Agus fillidis tráthnona; agus taifnedis amhuil madradh, agus imthighdis fá ccuáirt na caithreach.
15 Bídís ar seachrán síos agus súas
deasbhuidh bídh, agus bídís ag ithiomrádh muna bhfaghaid a ríar.
16 Acht canfa misi dot neartsa; agus lúathgháirfead as do thrócaire gach maidin: óir ba tú mo choimhéad agus mo dhídean a ló mo thrioblóide.
17 О mо neart, dhuitse chanfas mé: óir
isé Día mo dhídean, Día mo throcaire.