PSALM 62
Gur congnamh Día sgach aón chás.

Dom phrímhfhear ceóil, do Iedútun, Psalm Dháibhi.

ATA fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh.
2 1sé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
3 Cá fad bheithí smuainiughadh urchóid a
naghaidh dhuine? muirfighear sibh uile: beithí mar bhalla chláon, mar fhál thrasgarthar síos.
4 Amháin do níd comhairle
eision do chur síos ón onóir: dúilighid a mbréig: beannuighid re na mbéul, agus malluighid re na gcroidhe. Selah.
5
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus.
6 Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh:
is é mo dhídion; ní chorrochthar mé.
7 A Ndía
atá mo shlánughadh agus mo ghlóir: carruic mo neirt, a Ndía, atá mo dhóigh.
8 Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Dia
is dídion dhúinn. Selah.
9 Go deimhin is díomhaóineas clann na ndaóine uirísiol,
is bréug clann na ndaóine móra: ar na ссur a néainfeachd a meadhuibh, is éattruime íad ná an díomhaóineas.
10 Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe
air.
11 Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día
bheunas cumhachda.
12 Mar an ccéadna is
leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre.