PSALM 70
Guidhe fá naimhde a anam do chlaói.
Don phrímhfhear ceóil,
Psalm Dháibhi, do chur a ccuimhne.
A DHE, dom sháoradh; а THIGHEARNA, dom chabhair deán deithfir.
2 Bíodh náire orra agus bídis cláoidhte, noch íarrus manam: filltior air a nais, agus náirighthear, an lucht íarrus mo dhioghbháil.
3 Filltior air a nais, íad do luaidheacht a náire noch a deir, Aha, aha.
4 Bídis lúathgháireach agus gáirdeach íonnadsa gach áon íarrus thusa: аgus abraidís a ccómhnuidhe gach a ngrádhuigheann do shlánughadh, Go móruighear Día.
5 Acht atáimsi bocht uireasbhach: a Dhé, déan deithfir chugam: is tusa mfear cabhartha agus sáortha; a THIGHEARNA, ná déan moill.