PSALM 71
Atá Dáibhi ag athchoinnigh a chongbhail daingean a ccrábhadh iona shéanaois.

IONNADSA, a THIGHEARNA, cuirim mo dhóigh: ná náirighthear mé go bráth.
2 Ann tfíréantas fúasgail mé, agus sáor mé: cláon do chlúas chúgam, agus cúmhduigh mé.
3 Bí dhamhsa ad ionad súighe daingion, chum a rachad do ghnáth: óir thugais aithne mo thártháil;
is tú mo charruic agus mo dhaingion.
4 Mo Dhía, sáor mé, as láimh an chiontuigh, as láimh an duine neimhfhíréunta agus fhíochmhair.
5 Oír
is mo dhóigh, a THIGHEARNA Día: mo dhóigh óm óige.
6 Is leatsa do congmhadh súas mé ón mbroinn: is tú thug mé ó ionathar mo mhathar: is tusa mholfas mé a ccomhnuighe.
7
Mar iongnadh do bhí mé ag mórán; acht is tusa mо dhídean daingean.
8 bíodh mo bhéul líonta
led mholadh honóir air feadh an laói.
9 Ná teilg seachad mé a
naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart nа tréig mé.
10 Oír labhruid mo naimhde am aghaidh; agus lucht atá ag forfhaire air
manam gabhaid comhairle ré chéile,
11 Ag rádh, Do thréig Día é: inghreamuigh agus gabhaidh é; óir ní
bhfuil fear a thárthála.
12 A Dhé, ná bí a bhfad uáim: mo Dhía, deithfrigh dom fhurtachd.
13 Bídís claóidhte
agus dioghbháite noch atá na neasgcáirdibh dom anam; foluighthear íad lé scannail agus easonóir noch íarrus molc.
14 Acht biáidh dóthchus agam do ghnáth, agus cuirfead a gcionn huile mholta.
15 Aithreosuidh mo bhéul thfiréuntacht air feadh an laói do shlánughadh; bíodh nach féidir liom a náiriomh.
16 Rachad air maghaidh a neart an TIGHEARNA Día: trachdad ar thfíréuntachdsa, ar amháin.
17
O Dhé, do mhúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsigh mé do mhíorbhuile.
18 Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso,
agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.
19 Atá thfíréuntacht fós ro árd, a Dhé, noch do rinne neithe móra: a Dhé, cía
is cosmhuil riotsa!
20
Thusa noch do thaisbéin damh buáidheartha iomdha neimhneacha, béodhochair mé a rís, agus do bhéarair súas mé ó dhoimhne na talmhan.
21 Foirlíonfa tú
márrachtas, agus comhfuirteocha tú mé air gach taóibh.
22 Molfa mé fós thú air adhbhaidh na sáltrach, thfírinnesi, ó mo Dhía: canfad sailm dhuit leis an ccláirsigh, thusa a Aóin Náomhtha Israel.
23 Do dhéana mo bhéul lúathgháire mar chanfad sailm dhuit; agus
manam, noch dfúascuil tú.
24 Laibheoruidh mar an gcéadna mo theanga air thfíréantachd
feadh an laói: óir atáid claóite, atáid ar na nairiughadh, an drong íarrus molc.