PSALM 73
Fiafrúghadh um fhás agus chríonadh dhrochdhaóine.


IS maith Día fós do Israel, do nfíorghlan a ccroidhe.
3 Acht misi, is beag nar sciorr mo chosa; is beag nar shleamhnuigh mo choiscéime uáim.
3 Oír do thnúthaigh mé rís na hamadanuibh,
mar do chonnairc mé síothcháin na gciontach.
4 Oír ní
bhfuil cuibhrighthe iona mbás: agus atá a neart cliste.
5 Ní
bhfuilid a sáothar na ndaóine; agus ní рíantar íad mar dhaóine oile.
6 Ar a
nadhbharsin timchiolluigh an túabhar íad mar slabhradh: folchuidh an foiréighon íad mar chúlaidh.
7 Téid
a súile amach le méuthus: sáruighid smuáintighthe a ccroidhe.
8 Truáillighid, agus labhruid sárughadh le hurchóid: labhruid go hárd.
9 Cuirid a mbéul a
naghaidh na neamh, agus siubhluigh a tteanga thríd an ttalamh.
10 Ar a
nádhbharsin fillid a dhaóine annso: agus fáisgthior chuca amach uisgeadha chupáin líonta.
11 Agus a deirid, Cionnus is aithne do Dhía? agus an bhfuil éolus annsa té is ro áirde?
12 Feuch,
is íadso na cionntuigh, agus na daóine a suáimhneas an tsáogháil; tigid chum saidhbhris.
13 Go deimhin is a ndíomhaoineas do sgagas mo chroidhe, agus do nighios mo lámha a neimhchionntaibh.
14 Agus do bhí mé air mo phíanadh air feadh an laói, agus air maidin do bhí mo achmhusan.
16 Má deirim, Laibheorad marso; féuch, do dhéana mé éagcóir air ghinealach do chloinnesi.
16 Agus do mheas mé a fhios so do bheith agam, acht bá sáothar ann mo shúilibh sin;
17 Nó go ndeachaidh mé a sanctoruibh Dé; gur thuig mé a ndeireadhsin.
18 Go deimhin suighe tú íad a
náitibh sleamhna, teilge tú síos íad a nuáigneasuibh.
19 Ciondus
tugthar chum neimhni mar budh a moiment íad! meathar íad ré húathbhásaibh thrid amach.
20 Mar aisling tar éis
duine do mhúscladh; mar sin, a THIGHEARNA, a nuáir mhúisceolus tusa, do dhéanair a níomháigh do tharcuisniughadh.
21 Marso do bhí mo chroidhe ro bhuáidheartha, agus ann mo dhubhánuibh do gonadh mé.
22 Agus do bhí mé brúideamhuil, agus ní raibh a fhios agam:
mar na hainmhíntidh do bhí mé agadsa.
23 Gidheadh do bhí mé do ghnáth agadsa: do rug tú air mo láimh dheis.
24 Tréorochuidh tú mé réd chomhairle, agus na dhiáighsin géubha tú
chugad a nglóir mé.
25 Cía atá ágam a bhflaitheamhnus? agus cosmhuil riotsa ní bhfuil solus agam ar talamh.
26 Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige:
isé Día neart mo chroidhe, agus mо chuid ronna go bráth.
27 Oír, féuch, an lucht théid а bhfad uáit meithfid síad: scriosfair gach áon dá ttéid ré stríopachus uáit.
28 Acht
is maith dhamhsa druidean ré Día: atá mo dhóigh annsa TTIGHEARNA Día, go bhfoillsighe mé hoibreacha uile.