PSALM 75
O Dhía
atá breitheamhnas ceart, noch thógbhas fear, agus leagfas síos fear oile.

Don phrímhfhear ceóil, Ná mill, psalm agus caintic Asaph.


DO bheirmíd buidheachus duit, a Dhé, do bheirmíd buidheachus duit: óir foillsighid do mhíorbhuile go bhfuil hainm a bhfogus.
2 A nuáir ghéabhad an comhthionól chugam do dhéanad breitheamhnus go díreach.
3 Atá an talamh agus a
nuile áitreabhas ann ar na scaoileadh: daingneochadsa a phostadha. Selah.
4 A deirim ris ha hamadánuibh, Ná déanuidh leimhe: agus leis na cionntachaibh, Ná tógbhaidh súas a
nadharc:
5 Ná tógbhaidh súas a
nadharc go ro àrd: labhruidh re muinéul cruáidh.
6 Oír ní ó
náird a noir, nó a níar, nó ó dheas atá árdughadh.
7 Acht Día an breitheamh: umhluigh sé an fearso, agus árduigh sé an fear oile.
8 Oír
atá cupán a láimh an TIGHEARNA, agus atá an fíon dearg; lán do chumasc; agus dóirtigh sé as amach: a dheasgaidh sin amháin, fháisgfid uile pheacaidh na talmhan, agus ibhid.
9 Acht foillseochuidh misi
a thrócaire go bráth; canfad sailm do Dhía Iácob.
10 Agus brisfiod adharca na cciontach uile; áirdeochthar adharca an duine fhíréunta.