PSALM 88
Urnaigh ghearánach thruaghóin, ar tí éuga.

Caintic no Psalm do chloinn Córah,
don phrímhfhear ceóil air Mahalat-Leannot,
Psalm teagaisg Heman an Tesrahíteach.

A THIGHEARNA a Dhé mo shlánuighthe, do ghoir mé do ló agus doidhche air haghaidh:
2 Tigeadh
múrnaigh dot lathair: claón a nuas do chlúas chum méighmhe;
3 Oír atá
manam lionta lé holcaibh: agas atá mo bheatha ag tarruing a ngar difrionn.
4 Aírighthear mé maráon ris an lucht théid síos annsa log: atáim mar dhuine ann nach
bhfuil neart ar bith:
5 Sáor a measc na marbh, mar na mairbh atá na luighe annsa
nuáidh, air nach ccuimhnighionn tusa nísa mhó: noch do gearradh amach le do láimhse.
6 Do chuiris mé annsa log íochdarach, a ndorchadus, annsna háitibh doimhne.
7 Is orumsa chomhnuigheas do dhíbhfhearg, agus do bhuáidhris
red uile thonnuibh. Selah.
8 Do áthraidh tú a bhfad uáim mo luchd cumuinn; do rinnis am úathbhás dóibh mé:
atáim ar míadhagh a stigh, agus ní fhéadam teachd amach.
9 Do ní mo shúil doilghios cionnus atáim buáidheartha: do ghoirios ortsa a THIGHEARNA, ar feadh an laói, do shíneas amach mo lámha chugad.
10 A ndéana tú do na marbhuibh iongnadh? a
néireochuidh an drong fuáir bás dot mholadh? Selah.
11 An bhfoillseochthar do thrócaire san
nuáidh? thfírinne a ndíothláithriughadh?
12 A
naitheontar hobair iongantach annsa dorchadas? thfíréantachd a dtalamh an dearmaid?
13 Acht chughadsa do ghoireas, a THIGHEARNA; tiucfa
murnaigh ar maidin ós do choinne.
14 A THIGHEARNA, cred fa tteilgir seachad
manam? cred fa bhfolchann tú haghaidh orum?
15 Duine bocht troirthlighe misi óm óige: fuilingim húathbhássa atáim air mo bhuáidhreadh.
16 Do chuáidh thfearg aidhmhéil thorum; do ghearradar húathbháis amach mé.
17 Do ghabhadar am thimchioll amhuil uisge ar feadh an laói; thangadar go croinn a
néinfheachd am thimchioll.
18 Do áthruigh tú a bhfad uáim fear grádha,
agus cara agus an lucht dar bhaithne mé a ndorchadas.