PSALM 83
Guidhe a naghaidh comhchogáir na namhad ré chéile anasaónta Dé agus a dhaóine.

Caintic agus Psalm Asaph.

A DHÉ, ná bí ad thochd: ná bí boghar, agus ná coisg, a Dhé.
2 Oír, féuch, do níd do naimhde comhmbuáidhreadh: agus tógbhaid lucht thfuathuighthe a cceann.
3 A
naghaidh do dhaóinesi do ghabhadar comhairle uáigneach go meabhlach, agus do chúadar a ccomhairle a naghaidh háoin bhfoluigheach.
4 Dúbhradar, Tagaidh, agus gearram amach íad ó
bheith na gcineadh; go nach ccuimhneochthar ainm Israel nísa mó.
5 Oír do chomhairligheadar ré chéile
dáontoil: atáid coimhcheangailte ad aghaidh:
6 Páilliún Edom, agus na Hismaelítigh; Móab, agus na Hagarénigh;
7 Gébal, agus Ammon, agus Amalec; na Philistinigh maille ris an ndroing chomhnuighios ag Tíor;
8 Atá Assur air na cheangal léo
mar an ccéadna: agus bá cungnamh íad do chloinn Lot. Selah.
9 Déansa orrasan mar do rinnis
air na Mhidianigh; air Shisera, air Iábin, ag abhuinn Císon:
10
Noch do thuit ag Endor: do rinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan.
11 Déan a ndáoine
nuáisle mar Oreb, agus mar Seeb: agus a bprionnsuidhe uile mar Seba, agus mar Salmunnah:
12 Noch a dubhairt, Glacam chuguinn féin
tighthe Dé mar oighreachd.
13 O mo Dhía, déan amhuil roithlean iad; mar an gconnlach air aghaidh na gaóithe.
14 Mar loisgios an teine coill, mar chuirios an lasair na sléibhte tre theine;
15 Amhluigh sin déansa ainleanmhuin orra led anfadh, agus buaidhir íad led stoirm.
16
Líon a naighthe lé náire; chor go níarruid hainm, a THIGHEARNA.
17 Claóidhtear agus buáidhearthar íad go siorruidhe; bíodh náire orra, agus meathaid:
18 Chor go mbia a fhios aca gur tusa amháin, dárab ainm IEHOBHAH,
is ro áirde ós cionn na talmhan uile.